Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
An obair a rinne sé nuair a bhí sé óg, ar dtús bhí sé ar fhostú i dteach i Machaire Uí Rabhartaigh ag clann Mhic Pháidín agus bhí dúil mhór aige ansin. Ag buachailleacht a bhí sé.
D’fhreastal sé ar scoil ar tír mór nuair a bhí sé amuigh i Machaire Uí Rabhartaigh, bhí sé ar scoil bheag ar an oileán ar dtús. Ní raibh dúil aige sa scoil amuigh ar tír mór, bhí barraíocht eagla air. A scéalta faoin am a chaith sé ar scoil leis an mháistir. | 00:06:14 | |
Ag baint móna ar tír mór agus an streachailt iontach a bhí ag na hoileánaigh leis an obair sin. Bhí fuath aige ag dul na phortaigh. Bhí siad ag dul fríd cuid mhór móna mar go raibh dhá thine lasta sna tithe acu, le cócaireacht agus araile. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh acu leis an mhóin. Bhí siad ag cailleadh léir ama ón iascaireacht fosta. | 00:02:59 | |
Scáth bhuí i mí Bealtaine agus dódh ne ceilpe. An obair a dhéantaí le seo. | 00:03:52 | |
An dóigh a mheasadh siad an cheilp (an méid gainimh a bhí ann). Scéal faoin fhear a bhí ag déanamh seo. | 00:05:40 | |
An mhaith ata sa cheilp, lán íodaín. Bhí an feamnach maith do chnámha nimhneach. | 00:02:17 | |